Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn
- XML Leathanach 0317
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)anuas chomh buidhe le ór.
= ubh.
Triúr Mac Donnchadha bróin, a chuaidh ina coille maidin cheóigh, an t-slat a bhaineadar chaitheadar uatha í, is an t-slat ná'r bhaineadar thugadar leó í.
= Trí priocháin ag piocadh a gcuid cleite.
Mo Dheaide bocht, bocht is a mhaide fá'n ucht is é ag sileadh na ndeór go cráidhte.
= an fhár doras lá báistíghe.
Fear fada gléagal, is crios dá thaobh féin air.
= dornán coirce.
Siúd é deaideó ar chúlaith an chóramh, is dhá chéad cóta mór air.
= gas gabáiste.
Cránn mór árd is ní árd díreach bonn mór breág agus bárr bead bídheach
= adharc pocaide.
Tá sí abhus is tá sí tháll, tá sí i nGáirdíní Bhláth Cliaith, is mó a griam ná griam capaill, is ní bhlaiseann sí d'aon bhiadh.
= speal.
Cé an rud a bhíonn ag coraighe is ag corraighe is ná'r chorraigh ariamh as a áit.
= ruball muice.
Cé an chéad rud a chuireas an bhó thar an gclaidhe.
= a h-anáil.
Cad is mó torann san doras ná muic. = péidhre.(leanann ar an chéad leathanach eile)