Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)

Suíomh:
Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0343 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Seanfhocail

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Nuair a chríonann an t-slat is deacair í a shníomh

Nuair is truagh do'n chailligh caithfidh sí rith

Is feárr marcaidheacht ar ghabhar ná cosaidheacht dhá fheabhas

Nuair abhíonn an cat istigh bíonn an loch amuigh
Is feárr leath builín na abheith gan arán
Ní hé lá na gaoithe, lá na sgolb

An lá a bhíonn a báisteach bíonn sé fliuch, is chuid an lae amáireach go ndéanfadh sé anocht

An rud nach fiú a iarraidh, ní fiú a fhághail
Is trom an t-ualach é an leisge

Bíodh an rud agat féin, nó dean dá fhuireasa
Bíodh an rud agat féin, nó, déan do ghorradh leis an ngréin

Ceannuigh droch rud is bí gan aon rud
An té a bhíonn amuigh fuaruigheann a chuid
Cadh a dhéanfadh mac an chait acht loch a mharbhúghadh

Is feárr focal san gcúirt ná bonn san sparán
Ní tig leis an ngobadán an dá thráigh a fhreastal
Is maith an capall a tharrnígheann a cárr féin

An té nach gcleachtann an mharcaidheacht, dearmadann sé na spoir

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge