Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)

Suíomh:
Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0343 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Sal Óg Rua

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0306

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

I n-Oileán Éadaigh ta mo rún 's mo chéad searc,
An bhean ar leig mé léi mo rún 's mé óg.
Tá triúr ar aon chéill ag ghol 'na déidh agam
Is bean a mbréaghtha níl le fághail.
II
Tá mé go tréith-lag, 's níl gádh ghá shéanadh.
Níl mé ar aon nós acht mar bheadh an ceó.
'S stór mo chroidhe thú, 's tú d'fhág liom fhéin mé,
Chuaidh tú i gcré uaim is tú 'do chailín óg.
III
'S nach i n-aois a sé déag a fuair mé fhéin í
'S nár deas an féirín í, ag fear le fághail.
Ba bhinn a béilín, ba dheas a méin mhaith.
'S a súil mar réalt a thig roimh lá
IV
B,fhéarr liom go mór, mór mo dhiaidh sa ród í,
Ag bléaghann mo bhó-ín nó, i mbun mo thíghe

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Teanga
Gaeilge