Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)

Suíomh:
Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0343 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Gleann Mhic Mhuirinn | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0301

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(gan teideal)

A mhic chroidhe na páirte an é deiridh an tsaoghail é ¶ Nó an mar seo a bhéas an saoghal feasta?

A Mhic chroidhe na páirte an é deiridh an tsaoghail é
Nó an mar seo a bhéas an saoghal feasta?
Ní hé deiridh an tsaoghail é.
Is ní mar seo a bheás an saoghal feasta.
Beidh mise Diardaom do mo chéasadh ag mo námhaidh
Dia hAoine Crochta ar an GCránn páiste.
Beidh an brat sróille ar mo súilibh,
Agus córdaí Orm Fáisgthe.
Is an braon abhéas i n-uachtar, beidh sé
Síos le mo sháloibh.
Tiocfaidh tusa, a mhuire, a mháthair, ag gol agus ag sgreadach, Nuair fheicfeas tú an chaoi seo.
Abhéas a dul ar do leanbh.
Ó dubhairt muid an méid sin i neiric a bpeacaidhe
Nár Fhágaidh muid an saoghal seo go ndéanaidh
Muid an aith ríghe. Améan.

Faisnéiseoir
Máire Seóighe Ní Chonnghaile
Inscne
baineann
Aois
80
Seoladh
Cnoc Aduaidh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge