Luigim síos, ar mo thaobh deas
Aingeal Dé, 'na luighe le m'ais
Cheithre phosta ar mo leaba
Cheithre aingle uirri sgartha
Is má fhághaimse bás as seo go maidin,
Go ríoghacht glórmár na bhflathas, go dtéidh m-'anam.
Tháinig an t-aingeal le sonas i gcluais na mná.
Trí thrian le pian, trí thtian le síor shileadh deór.
Labhair an glór, chuaidh an t-uisge aníos tríd an bhféar.
Is maith an sagairt É mac Dé, is maith an baisteadh rinne Sé.
Bhaist Sé Eoghan Baistíghe, agus bhaist Eoghan baistíghe E.
An té a déarfadh an phaidir seo uair gach lá,
gheobhadh sé flathhas Dé mar dhualgas, is nior bhaoghal
dó pianta síorraidhe, ná progadóireacht go deó.
(leanann ar an chéad leathanach eile)