Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An céad lá de mhí an Fhóghmhair,
seach chrochamar na séolta,
A'tarraingt ar na cóstaí
Ó thóin an bhunáin siar.
Thart annseo le Ciarraighe ,
Acaill bheag taobh thiar dhe,
An Cloigeann le na thaobh sin,
Is Tráigh bhríghde ina dhiaidh .
II
Nó gur dhóirteamar le fánadh , Trí fhairrge agus í dhá cádhadh ,
Go ndeachaich guid do'n Ráithe ,
Mar is ann abhí ar dtriall.
Síneach a dtóin le Árainn,
Mhéadaigh orainn gála,
Bhí cúrsaí istigh ar thráigh orainn,
Is míor thrath faillighe é.
III
Déirigh sé in feóthchainn,
Is as sin ina ghaoth mhór orainn,
Chrochamar na seílta,
Is níor mhór dhúinn é i n-am.
An fhairrge gur ghéim sí,
Gur las na túnta tréana,
¸Crochadh í ins na spéarta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe