Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)

Suíomh:
Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nóra, Bean Mhic an Iomaire

Scag na scéalta

Siar
/ 0343 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Caisleán a' Bharraigh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0283

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá mo theach - sa ar an árdán, agus ta a dhá cheánn sa ngaoith.
Tá an báisteach anuas ann, ní áiríghim tígheacht faoi.
Tá na teinteáin dhá dtóigeál is an bó a dul i gcíon.
Achr pé áit a bhfuil mo stóirín, sí Nóirín mo mhian.
II
Ag dul tré Mhuigheó dhom, is mé cómhrádh le mnaoi.
Do shladadar mo phócaí, is dheamhan ar fhág siad a'm pínghinn.
Tá fhios ag Dia a stóirín, nach brón atá orm faoi.
Is dá mbeadh uisge ar na bóithrá, is dóigh nach bhfuighinn braon
III
I gCaisleán a bharraigh seadh chodail mé aréir.
Ar chomhlúghadh do leaba is níor airigh tú mé.
A' cur mo láimh tharm, go bpógfainn do bhéal.
Seadh fuair mé an áit folamh, is an leaba fúm fhein.
IV
Agus déanadh mé caisleán ar chnocháinín bán.
A bhéidheas dhá stór ar aoirde, agus binn tré 'na lár.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Faisnéiseoir
Bríghid Uí Bhreathnaigh
Inscne
baineann
Seoladh
Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge