Scoil: Gleann Mhic Mhuirinn (uimhir rolla 14788)
- Suíomh:
- Gleann Mhac Muirinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nóra, Bean Mhic an Iomaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)An cosamteóir bríoghmhar a chabhróch go hiongantach'S a neartóch' a ndílseacht - do thréig siad, mo bhrón !
(IV)Bhí fíor-shliocht na Féinne le bliadhantaibh i ngéibheannI sglábhuidheacht 's i ngéár-bhruid, gan aoibhneas ná sógh,Faoi mhasladh gach tréimhse ag Seóinínibh an bhéarlaBhí creachadh na Gaedhilge mhín aoibhne go deó.Ó d'éirigh chomh héif'teach ar fud Inis ÉilgeTomtracha an bhéarla le fuinneadh 'gus cóirDo sguabadh na céadhta le fánaidh go léanmhar'S sluigeadh go héag iad sa sruth millteach mór.
(V)Bhí Éire go fann lag, 's í fágtha go cráidte'S a teanga mhín ársa faoi tharcuisne mhór !Ní cleachtaoidhe a beasaí, 's a nósa ní déantaoidhe'Gus a stáir ní bhíodh léighte céád fairíor go deó !Acht las Dia na spéartha 'gus cruinnigheadh na céadtaDo músgluidheadh na Gaedheala le cúmhachta rígh-mhóir,'Gus Connradh na Gaedhilge do chuir sí fréamhaGo daingean doimhin éif'teach 'na gcroidhthibh, mo bhród !
(VI)Sí Connradh na Gaedhilge a dhúisigh go léir iad,Is a thairnígheas le chéile iad le aoibhneas 's bród;Sí d'athruigh na daone le goirid go cinnte,'S a bhródhuigh le brígh iad nach gcoisfear go deó !An Glincín 's an Seóinín do ruaig sí thar theórainnDo náirigh go mór iad 's bhasg iad ní baoghal;(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Míchéal Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe