Connradh na Gaedhilge
(I)
A Chonnradh na Gaedhilge, mo ghoirm go héag thú !
Gan duairceas 's go séanmhar go raibh tusa choidhche !
Fad 's mhaireas na tréan-fhir tá againn i nÉirinn
Is cinnte nach n-éágfaidh tú i nOileán na Saoi.
Na daoine breágh Gaedhealach tá ag oibrúighadh go tréanmhar
Na buachaillí féidhmeach 's na cailíní groidhe,
An seanóir lag lúbach 's gach duine le dúthracht -
Anois tá siad músglaidhe le cúmhachta 'gus croidhe.
(II)
Bhí Éire go séanmhar i naimsir na Gaedhealtacht
I sean-Inis Éilge bhí subhchas 's sógh;
Bhí daoine breágh tréanmhar ag oibrúighadh le laochras
Ag neartúghadh na hÉireann gach oidhche agus ló;
Bhí tréineacht 's croidhe ann, bhí buachaillí groidhe ann,
Bhí sonas 's saoirse ann agus aoibhneas rí-mhór;
Fad is bhí acab Gaedhilge, 's nar dearnadh a séanadh,
A ndealúghadh ó chéile níor bhaoghlach go deó
(III)
Acht tháinig an bhéarla , 's do sgaip sé go héasgaidh,
'S thar timcheall na hÉireann is léithmhar a sheól,
Do dhubhuig na spéártha le sgamaill an bhéarla,
'S dathruigh Sean-Éire ar shlíghe nach raibh cóir;
Do múchadh an Ghaedhealtacht i gcroidhthibh na gcéadta,
'S fágadh go héag iad faoi dhuibhshion an cheó;
(leanann ar an chéad leathanach eile)