Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0264
- XML “An Cladach Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fear siubhail nó an deóraidhe a theigheas thár sáile
Is fhágas cuanta geala Inis Fóil
Má's i Meiriocá luighfeas a chnamha
San Gearmáin nó san Aifric Mhóir -Nach bhfágfaid seanchas 'na dhiaidh go bráth ann
An té thóigfeas é le inntinn ghéar
An méid a báthadh oidhche an ghála
'S a gcnámha bána ag tabhairt an fhéir.Nach mór an inntleacht 's a' tuiscint cinn -
Nach fad-bhreathnuigheach a bhí an sean fear úd
Adubht. "Na crochaigí na seólta láithreach
"Na sgaoilíd cábla téad ná drú
"Ná fágaí a n-aithreacha 'na ndiaidh ná a máithrín
"Ná fágaí a gcáirdí ná a muinntir féin
"Acht glacaidh suaimhreas go dtí an lá amáireach
"Mar tá mé cinnte go bhfuil gála i gcéin"D'éaluigh an ghrian thart ins na spéartha
Chruinnigh néalta i dtús na h-oidh'e
Chuaidh na héin chun suain le chéile
Ar bun na ngéag is ar bharr na gcraobh,
Tháinic dorchadas ar fuaid na hÉirean
'S ní fheicfeá léargus ar bith 'n do shlighe
Gur bhuail a' stoirm úd crocáin aerach'
Gleanntáin uaigneach' agus bánta fraoigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seósamh Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na mBrobhach, Co. na Gaillimhe