Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tháinig an rí agus a inghean ag craitheadh lámh leis dubhairt sé leo go mbeadh Fianna Éirean isteach i mbárach. Dubhairt an rí gur dhona an t-aistir é sin dhóibh. "Dubhairt an t-sean bhean abhí dhá bogadh sa gcliabhán aithnighim culaith agus claidhimh an deirg ach ní aithnighim a chóir deilbh ná é féin."
Tharraing Conán cloch as a phóca agus bhuail sé ar an mbaithis í.
"Marach gur tú Dearg mó bráthair is mór an fearg abeadh orm faoí gur mharbhuigh tú mo mháthair."
"Nuair a teigheann na sean-daoine ró aosta in mo thír-sa sin é an rud a dhéanann muid leó."
D'fiafruigh sé cá raibh Tuathal go mba mhaith leis é fheiceál.
Chuaidh Conán síos go dtí Tuathal agus dubhairt sé go raibh Fianna Éireann ag teacht anois.
Shíl Tuathal gurab é an Dearg Mór a bhí ann mar gheáll ar an éadach agus a chlaidheamh.
"An n-imirthá cluiche cártaí," adeir Tuathal.
"D'imireóchadh ach dhearmad mé mo chuid chártaí."
Chuaidh siad ag imirt agus bhuaidh Conán.
"Tabhair do gheasa," adeir Tuathal.
"Geasa a chuirim ort do cloigeann a leagan ar an mbloc agus nuair a chrocas mé mo láimh gan tú a leigint glaoidh ná fead."
Chuir sé a cheann san aer agus nuair a shíl sé a thigheacht anuas bhuail sé aríst é. "Dhá dtiocfainn ar an gcolainn céadna sleagh [leagha?] na bhfíann ní bhainfeadh anuas mé" arsa an cloigeann.
Chuaidh sé (Conán) go dtí iad ag an soitheach agus dubhairt sé go raibh gach rud ceart. Tugadh ag an gcaisleán ag an dinnéar iad, cuireadh 'na suidhe ag bord iad agus céad míle fáilte rómpa. Nuair a bhí an dinnéar thart, d'eirigh Conán 'na shuidhe agus fuair sé gob crotach agus chuir sé ina bheal é agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Culáin
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe