Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Aimsir an Ghorta

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0222

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Is cráidhte an sgéal a bhí mo sean-mháthair ag innseacht dhom aréir i dtaobh an t-sean-tsaoghal an chaoi ar mhair na daoine agus an t-slighe bheatha a bhí aca.
Is fada an lá ó bhí an gorta ann tá sé suas agus anuas le céad bliadhain. Is cuimhneach le mo sheán-mháthair cuid de acht bhí beagán feabhais air nuair bhí sí ag eirighe suas acht ar chuma ar bith sí d'innis an giota seo dhom-sa.
Theidhidís síos ag an gcladach agus thóigfheadh siad portáin agus iasgáin agus bhíodh siad dhá n-ithe fuar beithidheach ar an tráigh.
Ar a mbealach abhaile dhóibh theighidís isteach i n'garraidhe ba chuma cé leis é, ní raibh seilbh ag aon duine ar thalamh ná ar an áit acht ní h-amhlaidh tá an sgéal anois chartaidís an ithir le na lámha nó le cipín.
B'fhéidir go bhfuighidís cúpla fata innte. Ar ndóighe bheadh an iomaire sin bainte cheana acht bh'féidir go bhfuighdís cúpla criochán innti 'na dhiaidh sin. An méid a gheobhaidís thiubhraidís abhaile iad agus déanfadh siad bruthnóg díobh. Ní bheadh aon náire ar daoine dhul isteach i dteach na comhursan ag tóraidheacht rud le n-ithe, ná rud a árdú leo freisin as dá bhfuighdís an deis. 'Siad a bheadh buidheach dá n-eirigeadh leo lán a mbéil féin fhagháil.
Deir mo mhamó go dtagadh daoine anoir ó na Criogáin ar an mbaile aice ag baint neanntógaí le n-ithe agus chuile chineál eile luibh a bhíodh ag fás.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Sorcha Ní Chualáin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Nóra Ní Chualáin
Inscne
baineann
Aois
93
Seoladh
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge