Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0220
- XML “Na Blácaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)anonn.
Bhí na tíorántaí chomh dona leis na blácaigh, Chaithfead gach duine cúpla lá ag cur fhataí dhóibh agus na daoine thart a chuir sgonsaí ar an talamh dhóib agus chaithfeadh siad fhéin a mbéile bheith aca.
Bé Pádraic a' bláca a bhí na thighearna ar an dúithche ar fad. Bhí sé na chómhnaidhe i gCúige Mumhan. Bhí blácac i Mionloch taobh thoir de Loch Coirib agus bhí blácaig ins na Forabacha. Bhí na blácaig go h-an-dona. Thógfad siad na beithidhigh agus cuireadh siad isteach i ngarraidh gobhann iad.
Thóg siad beithihig ó duine agus chuir siad isteach i ngarraidhe gobhann iad. Cuireadh fir dhá bhfaire ann. Tháinig daoine aníos as Ráth-Ún ag iarraidh a gcuid beithidhig agus cheangail siad na daoine a bhí ag faire i n-áit na beithidhigh. Bhí fuip fán n-osgail ag na blácaig ag bualadh na ndaoine. Bhíodh clann an bhlácaigh ag osgailt cómhraí agus ag goid an airgid ó na daoine thart.
Sé an Blácach a bhí na bhreitheamh na ghárda agus na Ghiústís.
Clann Shéamuis a' bláca bhidís ag baint a gcuid éadaighe do na daoine agus sgaoil siad bean óg abhaile lá gan aon éadach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe