Sgorrach Ghlionnáin
Bhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná 'Sgorach Ghlionnáin'. Sé an fáth a tugadh an t-ainm sin air i sgailp a bhí shuas i nGhlionnáin a choimnuigh sé.
Bhí an scorach sé throighthe agus hocht n-órlaighe ar aoirde agus ní raibh a theach ach ocht dtroighthe ar fad agus chúig troighthe ar leithead. Sé'n chaoi raibh an Scorrach ag maireachtáil ag ithe beithigh agus gá ngoid ó na daoine. Lá amháin ghoid sé bó ó dhuine de na Blácaigh a bhí na gcómhnaidhe thíos sa gCaisleán. Thug sé leis abhaile an bhó ar a dhroim. Bhí fios ag an Scorach go raibh an Blácach le dul go Gaillimh. Ní dhearna sé acht an bhó a mharbhú agus ceathramha dí a róstadh agus é ithe agus imeacht leis gur bhain sé féin Gaillimh amach. Bhí sé ag tigheacht aníos ag Béarna arís nuair a casadh an Blácach dhó ag dul isteach agus a cóiste aige. D'imigh sé thar an mBlácach.
"Nach mairg a abruigheann tada" ar san Blácach ris. Bhí an Scorrach gaibhte thairis. "Bhí aimhreas agam air sin, gurab é a ghoid mo bhó ar maidin agus ar ndóigh dá mba é ní fhéadfadh sé bheith ansin anois."
Nuair a bhí an Scorach ag dul abhaile chuaigh sé suas go Bolluisce agus ghoid sé bulán ó fhear ann. Sin é an fear a rinne spiadóireacht air. Nuair a chuala an Scorach go raibh spiadóireacht déanta air liostáil sé san arm. Fiafruigeadh dó ansin cé mb'fhearr leis a bheith ag imeacht fud an domhain nó ar an bhfarraige. Dubhairt sé go mb'fhearr leis ar an bhfarraige. Chuaigh sé 'na mhairnéalach agus níor frítheadh tásg ná tuairisc air ó shin.