Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Ór i bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0210

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá garrdha againn féin in aice na farraige thíos agus 'sé an t-ainm a thugann muid air Garrdha an tSalainn. Tá sgeach a' fás i lár a' gharrdha agus faoi'n sgeach seo deirtear go bhfuil pota óir i bfolach ann. Maidin amháin suim blianta ó shoin bhí fear darbh ainm dó Páidín Chóil Labhráis (beannacht Dé le n-anam) ag fosuidheacht le beithígh in aice na h-áite. Bhí sé ag siubhal thart dó féin agus pé'rbi cé'n chaoi ar eirigh leis breathnú thar a' gclaidhe chonnaic sé an t-ór sgartha ar leic a bhí taobh leis an sgeach. Is beag nár thuit sé le sgannradh nr. a chonnaic sé é. Bhí an fear se[?] an-sanntach agus bhreathnuigh sé 'na thimcheall go mbeadh 'fhios a' raibh aon d. le feiceál timcheall na háite. Nr. a bhreathnuigh sé thart arís agus é ag dul ag tabht. leis an óir ní raibh a dhuth ná a dhath fágtha aige. Deirtear go b'é Seán Phádraic Liam a chuir an t-ór annseo sa tsean-aimsir.

Garrdha an t-Seanbhaile
Deirtear go raibh fear ag brionglóididhe trí oidhche i ndiaid 'chéile go raibh pota óir i bfolach i nGarrdha an tSeanbhaile. Chuaidh sé gá iarraidh. Nr. a tháinic sé go dtí an sgeach atá sa ngarrdha chonnaic sé an cat mór dubh ag tabhairt aire dhó. Chaith an cat pota óir amach chuige. Deirtear gurab é Tomás Thaidhg a chuir an t-ór i bhfolach ann.
Deirtear freisin go bhfuil cat agus eascoin ag tabhairt aire do'n ór - go mbíonn iorball an chait istigh i gcluaisín an phota agus go mbíonn an cat 's an easgoin 'na suidhe ar an gclár. Deirtear nach mbíonn aon chodladh ar an easgon ach amháin nr. bhíos an sagart ag pléidhe leis an gCailís ag an Aifreann.

Bailitheoir
Áine Ní Fhagharta
Inscne
baineann
Aois
18649
Teanga
Gaeilge