Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0208
- XML “Cnoc Dabhach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cruaidh agus fuar faoi'n gceó. Níor fhan smid ag ceachtar de'n bheirt. Chomh luath agus fuair siad anáil bheag thug an fear bocht támáilte aghaidh ar an mbaile. Bhreathnuigh an bhean bhocht chlaoidhte go cráidhte 'na timcheall féachaint a' bhfeicfeadh sí an ceaintín a chaith sí uaithi. Bhí lorg an bhainne ar phuiteach an t-sléibhe in aice léi ach ní raibh an ceaintín ann. Súil dá dtug sí síos chonnaic sí uaithi é thíos ag bun a' ghleanna agus a bhéal faoi. Thug sí léi abhaile an ceaintín falamh agus deirtear gur chaith sí an chuid eile dá saoghal ag caoineadh an tsaidhbhris mhóir a shanntuigh sí agus a d'éaluigh uaithi go deó.
Acht tá daoine ann adeir go bhfuil an t-ór i bhfolach i gCnoc Dabhach go fóill. Agus tá sé ráidhte go ndeacha fear as Loch an Iolra ann le na láighe ghá thóraidheacht agus sul má bhí an chéad spreab bainte aige gur eirigh an cat mór anastach aníos as an "dabhach" chuige. Theith an fear le n'anam agus níor thnúth sé ór Chnoc Dabhach arís le n-a ló.- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Ghabhnaín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 78
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Cualáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Labhrás Ó Connghaile
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Learaí Ó Biaidh
- Aois
- 86
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe