Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Ór i bhFolach

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ór i bhfolach
Sighle Ní Chonghaile, Indreabhán do chuir síos
A hathair a thug an seanchas di
Tá sé ráite go bhfuil ciste óir i bhfolach i leachta mór cloch thuas i mbarr an bhaile seo. Seanfhear a bhí ar an mbaile darbh ainm dó Tadhg beag a chuir an t-ór ann. Bhí Tadhg crua, barainneach agus ní chuirfeadh sé pingin ná leithphingin go dona riamh.Sin é an chaoi a raibh an saibhreas aige. Ach fuair sé bás agus d'fhan a chuid óir ina dhiaidh sa bpoll.
An lá seo bhí beirt fhear oibre ag obair ins an ngort a bhfuil an leachta ann. Dubhairt duine acu leis an duine eile go bhfaca sé rud mar a bheadh easóg ann ag tarraingt an airgid ó[?] leachta a raibh an t-airgead ann go dtí an leachta eile. Chuaidh an bheirt acu ag faire ar an easóg. D'fhiafruigh an fear a chonnaic i dtosach í de'n fhear eile cé mb'fhearr leis an leachta a raibh an easóg ag tarraingt ann ná an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Dubht. sé go mb'fhearr leis an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Fágadh an leachta sin aige agus thóg an chéad fear an leachta a raibh sí ag tarraingt ann. Bhí a ndóithin ag an mbeirt sin an fhad is mhaireadar. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt.

Bailitheoir
Síghle Ní Chonghaile
Inscne
baineann
Seoladh
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máirtín Ó Conghaile
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
45
Seoladh
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge