Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0206

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0206

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0206
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ór i bhfolach
    Sighle Ní Chonghaile, Indreabhán do chuir síos
    A hathair a thug an seanchas di
    Tá sé ráite go bhfuil ciste óir i bhfolach i leachta mór cloch thuas i mbarr an bhaile seo. Seanfhear a bhí ar an mbaile darbh ainm dó Tadhg beag a chuir an t-ór ann. Bhí Tadhg crua, barainneach agus ní chuirfeadh sé pingin ná leithphingin go dona riamh.Sin é an chaoi a raibh an saibhreas aige. Ach fuair sé bás agus d'fhan a chuid óir ina dhiaidh sa bpoll.
    An lá seo bhí beirt fhear oibre ag obair ins an ngort a bhfuil an leachta ann. Dubhairt duine acu leis an duine eile go bhfaca sé rud mar a bheadh easóg ann ag tarraingt an airgid ó leachta a raibh an t-airgead ann go dtí an leachta eile. Chuaidh an bheirt acu ag faire ar an easóg. D'fhiafruigh an fear a chonnaic i dtosach í de'n fhear eile cé mb'fhearr leis an leachta a raibh an easóg ag tarraingt ann ná an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Dubht. sé go mb'fhearr leis an leachta a raibh sí ag tarraingt as. Fágadh an leachta sin aige agus thóg an chéad fear an leachta a raibh sí ag tarraingt ann. Bhí a ndóithin ag an mbeirt sin an fhad is mhaireadar. Is olc an ghaoth nach séideann do dhuine eicínt.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Chonghaile
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Indreabhán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conghaile
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    45
    Seoladh
    Indreabhán, Co. na Gaillimhe