Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0205

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0205

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0205
  3. XML “Carraig an tSagairt”
  4. XML “Bád Cholm Cille”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá oileán ar mo bhaile féin ar an gCaorán agus sé an tainm atá ar an gCarraig sin ná Carraig an tSagairt. 'Sé an fáth gur tugadh an tainm sin air mar bhí sagart ina chomhnuidhe i gCillín agus tháinic sé aniar lá i mbád i n-éindigh le fear eile a bhí ag dul ag baint fheamuinne. D'fhan an sagart ar an gcarraig go raibh an fheamuinn bainte ag an bhfear agus sin é an fáth gur tugadh carraig an tsagairt mar ainm air.
    Cillín = "Paráiste na Ceathrumhan Ruaidhe."
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    2. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Caorán Beag, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Séamus Ó Curraidhin
    Inscne
    Fireann
  2. Deirtear gur tháinig Colm Cille amach as Árainn i mbád cloiche. Ar an mBánrain a tháinig sé i dtír inaice na Roilige. Tá an “bád” ann fós acht ní mórán cosamhalacht báid atá uirthi anois mar bíonn na daoine ag baint píosa dhí agus dhá dtabhairt leób, acht bhí cosamhalachtt bád uirthi fadó.
    Tá tobar beannuighthe i naice leis an mbád agus bíonn daoine ag tabhairt turas ar an tobar lá an phátrúin. Nuair a bhíos siad tinn freisin tugann said turas air. Tá an tobar in aice na farraige.
    Tobar roinnt mór é. Ta cloch mhór istigh ina lár agus bíonn bric bheaga istigh fúithi. Nuair a bhíonn siad ag tabhairt turas caitheann said biadh síos ins an tobar ag na bric.
    (iompuigh)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. naoimh
          1. Colm Cille (~265)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Chúláin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    93
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe