Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Aimsir na Géarleanúna - An tAifreann

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhíodh Aifreann dhá léigheamh thuas ar an sliabh in áit arb ainm dó Cloichreadh (Cloichre). Tá an áltóir ann fós, agus sé'n tainm a thugas na daoine air Cloch an tSagairt. Bhí sean-séipéal in Indreabhán fadó agus bhíodh na daoine ó'n gCnoc anoir agus ó Doire 'n Fhéidh aniar ag tigheacht ag Aifreann ann. Tá sean-bhallaí an t-séipéil fós ann.
Tá pluais amuigh ar an sliabh ar a dtugtar a' Chlochair. Tá sgailp mór siar ann agus bhíodh na sagairt ag dul i bhfolach ann. Bhíodh cuid de na daoine thart ag sgéitheadh ar na sagairt agus bhíodh an oiread seo fuagartha ar chloigeann an t-sagairt ag na Sasanaigh mar bhí siad in aghaidh an Chreidimh Chaitilicigh.

Thagadh sagart as Árainn chun Aifreann do léigheadh do mhuintir na h-áite seo. Thagadh sé i dtír thíos faoi íochtar na Minne. Thuas i gCloichre a léigheadh sé an tAifrean, ar Charraig an Aifrinn. Ar bruach a' locha annsin tá Coradh an t-Sagairt, ["Cara" an tSagairt] agus pluais a' tSagairt. T.Ó S.

Bailitheoir
Síle Ní Chonghaile
Inscne
baineann
Seoladh
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máirtín Ó Conghaile
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
45
Seoladh
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge