Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Tulach | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0200

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

isteach, thar an gclaidhe a bhíos i n-aice an tighe agus deirtear go mbe[?] bárr fada ar an ngarraidhe sin, nuair a bheadh sé fasta, agus go mbíonn an t-ádh ar an ngarraidhe céadna.

Áine Ní Fhatharta do sholáthruigh


Oidhche "l" Sin Seáin bíonn teinte cnámh ar lasadh agus a gcuid soillse le feiceál ar fuaid Chonnamara ar fad agus gCo. an Cláir freisin agus a gcuid soillsí ag dul in aer.
Na páistí a chuireas tús leis an teine cnámh i gcomhnaidhe. Ní túisge bhíos a ndínnéár ithte tharéis na sgoile acu ná seo ag stócáil na teineadh iad. Ar ard is gnáthach an teine dhéanamh. Mara mbíonn áit na teineadh sáthach árd socruightear bonn maith cloch agus faduightear an teine 'na mullach sin. Bíonn cúpla cnámh ag na páisití le cur sa teine agus faghann siad na splanncra le na fadú ó'n teach is goire dóibh.
Cuirtear beirt ghasúr cnearta timcheall chuig na tighthe ag cruinniú luach na h-ola. Bíonn ceaaintín nó ciseán ag duine acu mar córr-theach a ngabhfaidis ann b'fhéidir nach mbeadh aon hphighinn ag bean a'tighe agus mara mbíonn tugann sí ubh dóibh.
Le crón-dorchadas na h-oidhche bíonn an plód cruinnightthe timcheall na teine. Tugann gach duine

( to P. 202 )

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Áine Ní Fhatharta
Inscne
baineann
Aois
13
Seoladh
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge