Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0191

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0191

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0191
  3. XML “Fios Bháis an An-Scéalaí agus an Claidheamh Solais”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    teach an ríogh agus bhí athás mór ar an rí iad fheicéal aríst slán sábháilte. Thug bean an rí slaitín draoidheachta do na páistí lá agus ba í sin an tslat a rinne mada dhíomsa. Lá amháin bhain mé plaic as láimh duine do na páistí ag ceapadh go mbualfeadh sé laisg orm agus go mbeinn in mo chrot féin aríst agus bhuail an páiste laisg orm agus bhí mé mo chrut féin aríst mar atáim indiú.
    Shuidh mé síos agus thosuigh mé ag innseacht do'n ríogh mar rinneadh mada allta dhíom agus na gábhaidheanna a ndeachaidh mé thríd. "Is tú an fear fírinneach," adeir an ríogh, 'agus chuile lá ó chuaidh tú ar mo chapall, bhí mo bhean ag iarraidh thú a mharbhú.
    "Annsin rinne an rí teine mhór agus chuir sé pota teara isteach innte agus nuair a bhí an teara ag fiuchadh rugadh ar bhean an rí le hí a chaith isteach sa teara acht dubhairt mé fhéin gan í a chaith' isteach ann mar go ndeanfadh sí obair an tighe agus nach gcasfainn leí an rud a rinne sí orm. Sin é anois agat fios Bháis an An-Sgéalaidhe agus an claideamh solais."
    D'imthig Alastrainn leis abhaile. Chuaidh sé amach ar an sliabh. Lá ar na bháireach casadh an Cleasaidhe Ruadh air. Shuidh Alastrainn síos agus thosuigh ag innseacht Fios Bháis an Ain-Sgealaidhe do'n Cleasaidhe Ruadh agus nuair a bhí sé críochuihthe ag Alastrainn dubhairt an Cleasaidhe Ruadh "Sin trí bhraon go fhuil m'athara atá ar an gclaideamh," adeir an Cleasaidhe Ruadh.
    "Ní headh" adeir Alastrainn "acht éan a mharbhuigh mise ar an mbealach agus tabhair dom í go nglanfaidh mé í." Thug an Cleasaidhe Ruadh an claidheamh do Alastrainn acht nuair a fuair Alastrainn greim uirthi bhain sé an ceann do'n Cleasaidhe Ruadh. D'imthig Alastrainn abhaile agus ní dheacha sé amach ar an sliabh uaidh an lá sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Bolustrom
    Aois
    13
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Séamus Bolustrom
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60