Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Tulach | Bailiúchán na Scol

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0190

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

(ar lean ón leathanach roimhe)

Bíonn bainfheis aca an uair sin bíonn an bhainfheis i dtig an chailín ar dtús agus i dtig an fhir annsin.

Ins an Inid is mó a phósann na daoine a bhíos ag dul a pósa[?] Bíonn an Inid ann ó Nodlag go dtí Céadaoin na Luaithre. Sé an chéad rud a déannan an fear a dteastuigheann an bhean uaidh ná a dhul go dtí cara dhó atá ciallmhar tuigsionach agus deireann leis a dhul go dtí a léithéid seo do mhnaoí ghá h-iarraidh dhó. Geibheann sé buidéal poitín do'n teachtaire agus nuair a tagann an oidhche buaileann mo dhuine isteach i dtigh an chailín óig. Ní bhionn sé i bfhad istigh nuair a innsigheann sé nach ar cuairt agus tarrnuigheann sé aníos an buidéal as a phóca. Tugann sé thart ar muinntir an tíghe é agus tosnuigheann air ag innseacht faoí an méid talamh atá ag an bhfear a bhfuil an bhean ag teastáil uaidh, an méid beithidhigh, caoirigh, agus gach rud dhá bfhuil aige.
Má bhíonn fear a'tíghe sásta leis an sgéal sin cuirtear an cheist ar an gcailín óg agus má bhionn sí sin sásta ceaptar amach oidhche an chleamhnais.
Tugann an buachaill cuireadh do cheathrar no cúigear a mbíonn gaol aige leób agus déanann muinntir na mná óige an rud céadhna. Bailigheann siad lé chéile i dteach an cleamhnais. Bíonn damhsa agus rí-rá aca annsin go maidin. Téidheann an buachaill óg go dtí an seomra agus socruigheann sé fhéin agus fear a' tighe

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Siobhán Ní Churraidhin
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Maitiú Ó Curraidhin
Inscne
fireann
Aois
70
Seoladh
Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge