Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí sé an píosa sin chuaidh sé in éindigh leis píosa eile agus nr. a bhí sé an píosa sin dubht sé go dtiocfadh sé in éindigh leis ar fad.Chuaidh siad go dtí an áit a raibh an stail annsin agus chraith an stail í féin. Bhí cloigíní ar an stail agus chraitheadh sí í féin agus bhuaileadh na cloigíní. Chraith sí í féin an dara h-uair. D’airigh na saighdiúirí í agus ritheadar amach agus í fhaca siad éinne. Bhí barraille breagh sa gcró agus chuaidh an bheirt isteach faoi. Nuair bhí chuile short ciúin aríst chuaidh an beirt na h-édadan aríst. Bhuail na cloigíní aríst agus dubht an Rí go raibh duine eicínt ag goid an stail agus muna bhfuigheadh siad na daoine a bhí ghá ghad go raibh an ceann le cailleadh acu muna bhfuigheadh siad amach iad. Thosuigh siad ag tóraidheacht in ‘ath-uair acht ní raibh siad ag fagháilt aon nduine. Acht bhuail an stail cic ar an mbairille agus fuair na saighdiúirí iad an bheirt faoi. Thug siad isteach annsinn chuig a’ Rí iad. Thug sé isteach annsin i seomra iad agus thosuigh sé ag leaghadh (leámh) luaidhe anuas ortha.“’ Raibh tú in aon ghábhadh ariamh níos mó ná an gábhadh sin?” adeir sé leo“Bhíos,” adeir a’ sean-fhear, “in gábhadh níos mó ná é acht stop a’ luaidhe agus innseóchaidh mé dhuit:”“Bhímse amuigh ar an sliabh oidhche amháin,” adeir sé “agus d’airigh mé an gáire agus an caoineadh istigh i dteach. Chuaidh mé isteach agus bhí bean istigh ag marbhú páirte. D’fhiafruigh mé di cé’n fáth raibh sí ag marbhú an pháirte. Dubht. sí liom go raibh fathach sa teach seo agus gur dhubht sé léi an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Colm Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micil Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 44
- Seoladh
- Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe