Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Fios Bháis an An-Scéalaí agus an Claidheamh Solais

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0183

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ann fadó agus Alastrainn an t-ainm abhí air. Chuaidh sé amach lá ag fiadhach agus casadh an Cleasaidhe Ruad ar an sliabh dhó. "A Alastrainn," adeir an Cleasaidhe Ruadh "beidh cluiche cártaí againn".
"Tá go maith" adeir Alastrainn agus thosuigh siad ag imirt. Fuair Alastrainn an ceann a b'fhearr ar an gCleasaidhe Ruadh agus chuir sé faoi gheasa é an bhean is bréaghtha ar an domhan a tabhairt go dtí é agus an oiread seo bó agus caoire agus capall agus maora le breathnú 'na ndiaidh. Le iompódh do láimhe bhí siad ann agus le iompódh do leiceann bhí siad imtighthe. "Cá bhfuil siad? adeir Alastrainn leis an gCleasaidhe Ruadh. "Níor chuir tú d'fiacaibh ormsa," adeir an Cleasaidhe Ruadh, "iad a choinneál agat." Dimthigh Alastrainn abhaile agus b'fada leis an oidhche go dtáinig an lá aríst.
Lá ar na bháireach d'imthigh Alastrainn leis chun sléibhe ag súil go gcasaidhe an Cleasaidhe Ruadh leis agus casadh air é. "An n-imireóchaidh tú cluiche chártaí," adeir an Cleasaidhe Ruadh le Alastrainn.
"Le haghaidh sin a tháinig mé," adeir Alastrainn.
Thosuigh siad ag imirt agus fuair Alastrainn an buadh ar an gCleasaidhe Ruadh. "Cuirim faoi gheasa thú," adeir Alastrainn leis an gCleasaidhe Ruadh," an bhean a bhí agat annseo indé na ba na caoirigh agus na capaill agus na maortha dhá gcur abhaile rómpa."
Lá ar na bháireach d'imthig Alastrainn amach ar an sliabh aríst agus níor mhaith leis an mbean é sin. Dubhairt sí leis fanacht sa mbaile nó go mbeadh sé in aitmhéala acht ní raibh aon mhaith dhi leis. D'imthigh Alastrainn leis agus casadh an Cleasaidhe Ruadh air.
Thosuigh siad ag imirt chártaí agus fuair an Cleasaidhe Ruadh an ceann a

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Séamus Bolustrom
Aois
13
Seoladh
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Séamus Bolustrom
Inscne
fireann
Aois
60
Teanga
Gaeilge