Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0177
  3. XML “Mada Bán na nOcht gCos”
  4. XML “Tuilleadh Faisnéise i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus éadach an stróichthe urithi. Ghearr sí an gúna leis an siosúr agus ar an bpoinnte bhí gúna nua uirthi. D’fhiafruigh an tsean-chailleach di cé bhfair sí é agus d’innis sí di gur gearr an bean óg a gúna le siosúr is ar an bpoinnte go raibh gúna nua uirthi. Nr. tháinic an bhn. óg isteach tráthnóna bhí an chailleach ag iarraidh an tsiosúir uirthi agus dubht si go dtiubhradh dá leigeadh sí cead di dul a chodladh le na fear. Dubht. an ch. go leigfeadh.
    Bhí buachaill aimsire sa teach agus dubht. sé le m.b.8.gC. gan a deoch ól ó’n t-sean-ch, ach leigean air go raibh sé ghá ól agus é chaitheamh amach arís ar an urlár.
    Bhí go maith ‘s ní raibh go h-holc. An oidhche sin nr. a tháinig an t-s.-ch. leis an deoch chuige leig sé air féin go raibh sé ghá ól agus nr. a d’imthigh an ch. chaith sé amach ar an urlár é agus ní raibh codladh ar bith air annsin. Bhí an bheirt ag cainnt le céile i gcaitheamh na hoidhche agus lár na mháireach fuair m.b.8.gC. gunna agus chaith sé an t-sean.ch. agus bhí ór agus airgeadh na caillighe ag an mbeirt acu agus bhíodar saidhbhir as sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ‘Sí an ghaoth anois adtuaidh is mó a bheireann aimsear bhreagh chugainn acht beireann an ghaoth adtuaidh sioc agus sneach chugainn ins an n-Geimhreadh.
    ‘Sé an chaoi a mbionn fhios aca nuair a bhíonn sioc ar, bíonn go leór réalta ar an spéir agus iad lasta agus an ghaoth go láidir adtuaidh. Bíonn sioc a’r freisin nr. bíonna na géad¬hna fiadháine imteacht sa spéir ag sgréachaigil ag tabhairt a n-agaidh ar na sléibhte.
    Nuair a imthigheann na mádraí uisge ar na lochanna agus ar na srutháin agus nuair a thugann siad a n-agaidh ar an bhfarraighe bíonn sioc mór le teacht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.