Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0176

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0176

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0176
  3. XML “Mada Bán na nOcht gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar maidin go moch d’imthigh sí léi go dtáinig sí go dtí cnoncán, áit a raibh fear ann roimpi. D’fhiafruigh sí dhó a’ bhfaca sé a leithéid seo d’fhear ag dul an bealach. Dubht seisn. go ndeacha sé síos faoi’n gcnocán. Chuir an fear a láighe faoin gcnocán agus croch sé é agus chuaidh sí síos. Chonnaic sí teach sgaith’ uaithi agus dubht sí léi féin: “Caithfe gur sa teach seo tá sé anois.”
    Ní raibh istigh acht sean-chailleach agus cailín beag roimpe. Lá’e na bháireach connaich an bean óg an fear agus é crio[?]liath. Bhí iongantas uirthi, mar fear bhreagh óg a bhí ann nr phós sí é. Ba cailleach draoidheachta bhí sa gcailleach agus bhí draoidheacht aici air. An lá seo chonnaic an bean óg an cailín beag agus bhí a cloigeann lán le goiríní. Chíor sí cloigean an cailín leis an raca fuair sí ó’n sean-bhean agus ar an bpoinnte d’fhás folt óir gruaige uirthi. Nr. a chonnaic an tseanchailleach é sin d’fhiafruigh sí de’n chailín cé bhfuair sí an folt óir gruaige agus d’innis an cailín di é. D’iarr an chailleach an raca ar an mbean óg. Dubht. sí go dtiubhradh dá leigeadh sí cead di codladh le na fear. [Bhí draoidheacht ag an tsean-chailleach ar Mhada B. na 8 gCos.] Bhíodh sé ina shean-fhear sa ló agus in ‘fhear óg san oidhche) Dubht an tsean-chailleach go dtiubhradh sí an cead sin di.
    Nr. a bhí siad imthighthe a choldladh tháinig an tsean-chailleach aníos sa seomra le deoch éicínt ag an bhfear agus ar an bpoinnte is bhí sé ólta aige thuirc suan chodladhta air agus níor dhúisigh sé go dtáinic an tseanchailleach ghá dhúiseacht ar maidin.
    Lá’r na bháireach chonnaic an bhean óg an cailín beag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Fhatharta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    18649
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Fatharta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe