Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0174
  3. XML “Mada Bán na nOcht gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An tráthnóna. Chonnaic sí teach beag uaithi agus rinne sí air. Tháinic sí go dtí an teach agus cuaidh isteach ann. Ní rraibh istigh roimpe acht sean-bhean. D'innis an bhean óg a sgéal dí ó thús deireadh go tosaigh agus dubht. sise nach raibh aon leigheas aici air. Acht thug si raca beag di agus dubht. sí léi é choinneál mar go mb'fhéidir go dteastóchadh sé uaithi.
    D'fhan sí sa teach an oidhche sin agus ar maidin lá'r na bháireach d'imthigh sí léi agus bhí ag siubhal agus ag siubhal i gcaitheamh an lae sin go dtáinic an tráthnóna uirthi, agus casadh isteach i dteach beag í indeireadh an lae. Ní raibh isitgh ann roimpi acht sean-bhean díreach mar bhí an tráthnóna roimhe.
    D'fhiafruigh an t-sean-bhean dí céard a bhí uaithi agus d'innis sí a sgéal .di. "Muise ní maith liom do thrioblóid, a stór," adeir an t-sean-bhean. "Seo siosúisín beag duit agus coinnigh é: b'fhéidir go dteastóchadh sé uait lá is fuid anonn ná indiu." D'fhan an bhean óg sa teach léi go maidin. Ar maidin go mbé d'imthigh sí léi agus dubht. nach ndéanfadh sí stad na staonadh go bhfuigeadh sí tuairisg Mada b. na h-8 gCos.
    Bhí sí ag siubhal agus ag imtheacht léi ó maidin go tráthnóna agus indeireadh an lae thiar agus í tuirseach traochta casadh go dtí teach beag eile í a bhí istigh i gcoill Sean-chailleach a bhí istigh ann roimpi agus cheistnigh sí sin í mar an dá chailleach eile. Dubhairt an chailleach nach raibh on leigheas ar a sgéal aici acht go dtiubhradh sí túirne beag di agus go mbéidir go dteastóchadh sé uithi uair éigin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Fhatharta
    Inscne
    Baineann
    Aois
    18649
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Fatharta
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe