Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0172
- XML “Mada Bán na nOcht gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)b'óige ach ní raibh leis a' mbeirt eile. Dubht Mada B. na h8 gCos le n-a bhean dá n-innsigheadh sí choidhche cé'n t-ainm a bhí air féin go gcaithfeadh sé féin imtheacht uaithi. Lá amháin bhí an triúr inghean amuigh ag siubhlóid agus bhí siad i bhfad ó'n teach. Bhí na hinghineacha ba shine ag fiafruigh de'n ighin a b'óige cé'n tainm a bhí ar a fear acht ní innseóchadh sí dhóibh é. Rug siad uirthi annsin agus bhí beagnach báidhte acu acht faoi dheire b'éigean di é (a) innseacht. Nr. a tháinic siad ar ais bhí fhios ag M. b. na h-8 gC. go raibh sé innsighthe aici agus dubht sé léi go gcaithfeadh sé féin imteacht uaithe anois mar nach bhféadfadh sé fanacht ní b'fhuide in éinfeacht léi ó d'innis sí an t-ainm a bhí air. D'imthigh m. b. 8 gC. leis ach leann sí é agus nr a bhíodh sise sa ngleann bhíodh seisan ar an árd nr. a bhíodh sise ar an árd bhíodh seisean sa ngleann agus mar sin dóibh go dtáinic an tráthnóna nr. a bhí sé 'na thráthnóna tháinic sí suas leis agus dubht sé léithe nach mbeadh aon mhaith dhi a bheith ghá leanamhaint mar nach bhfanadh sé in éinfheacht léi. Bhí sí ag caoineadh annsin acht ní raibh aon mhaith dhi ann: d'imthigh sé leis ar maidin lá'r na mháireach acht lean sí é. Tháinic sí siar leis arís an dara hoidhche acht bhíodh sé ag rádh an rud céadna léi an oidhche sin agus an oidhche na dhiaidh sin arís. An tríomhadh uair nuair dhúisigh sé ar maidin bhí sise 'na codladh agus d'éaluigh sé uaithi. Nr. dhúisigh sí thosuigh sí ag caoineadh agus bhí sí ag caoineadh go raibh si sáruighthe. Annsin d'imthigh sí léi agus bhí sí ag suibhal go dtáinig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 18649
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Fatharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe