Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0170
- XML “Mada Bán na nOcht gCos”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an doras agus sí an cailín aimsire a cuireadh amach chuige Dubht sé narbh shin í a bhean agus faoi dheireadh b'éigean a bhean féin do chur amach chuige, agus d'imtigh siad leó. An tríomhadh lá tháinic Mada Bán na hOcht gCos agus bhuail sé ar an doras. Cuireadh an t-sean-chailleach amach chuige acht dubht. seisean nárbh shin í an bbhean a bhí sé 'iarraidh. Annsin cuireadh an cailín aimsire amach agus dubht sé narbh' shin í an bhean acht an oiread. Acht faoi dheire b'éigeann inghin a b'óige a chur amach chuige agus d'imthigh siad leó. Sé'n sórt duine a bhí i Mac R. an D. Thoir, bhíodh sé 'n fhear sa ló agus na phréachán san oidhche agus sé'n sórt duine a bhí i mac R. an D. Thiar bhíodh sé 'n fhear sa ló agus na phréachánn san oidhche freisin; agus sé an draoidheacht a bhí ar Mhada B. h-8 gCos bhíodh sé 'na mhada bán sa ló agus in[a] fhear san oidhche. Faoi cheann sgathaimh chuir an Ríog fios ar a triúr chiamhan go mbeadh 's aige cé'n sórt fir a bhí ag na h-inghineacha. Tháinic siad. An oidhche seo d'fhan an Rí 'na shuidhe go bhfeiceadh cé'n sórt fir iad. Chuaidh sé ag an seomra a raibh inghin is sine ann agus ní raibh ann ach préachánn ar an bpeiliúr le n-a taobh. Chuaidh sé chuig an seómra a raibh an dara h-inghin ann agus ní fhaca sé ann ach préachán mar an gcéad cheann. Chuaidh sé annsin go dtí an seomra a raibh an inghin a b'óige ann agus chonnaic sé fear breagh dathamhail sa leabaidh. Bhí an Ríog an t-sásta leis an bhfear a bhí ag an inghin a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Fhatharta
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 18649
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Fatharta
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe