Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Coileach agus Ceaircín an Tioc-Tioc

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0154

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí an coileach agus cearcín a' tiuc-tiuc ag cartadh i leath taoubh an bhothair. Chaith duine éigin cloch leo agus buaileadh ar an gcoileach í. "Ó,' ars an coileach leis an gcearcín, "tá sé 'na chogadh dearg."
-Cé aige a chuala tú é? adeir an chearcín
-Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá súil a chonnaic é, i mbun mo ghiota a buaileadh mé agus dá mbadh cloch é bheadh mé marbh.
-Tá sé chomh maith againn imtheacht go tír eile mar sin, arsa' an cheaircín
-Tá go maith, mar sin, ars an coileach.
D'imthigheadar leó gur caradhgé dhóibh.
-Cá bhfuil sibh ag dul? ars an ghé
-Mo dhá cluais a chuala é, mo dhá shúil a chonnaic é i mbun mo ghiota a buaileadh mé agus dá mbadh chloch é bheadh mé marbh.
-Tá sé chomh maith agam-sa, mar sin, a dhul in éinfheacht libh ars an ghé
-Déanfaidh sin, ars an coileach, agus d'imthigheadar leo gur caradh lacha dhóibh.
-Cá bhfuil sibh a' dul? adeir an lacha.
-Ó tá sé 'na chogadh dearg, adeir an coileach

(leanann ar an chéad leathanach eile)