Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Daoine Cáiliúla agus Eachtraí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá go leór fir láidre thart ins an áit seo mar atá. Seán Ó Donnchadha. Bí sé i ndan inneóin ceardthan a thabhairt leis ina dhá láimh agus míle bealaigh a shiubhal agus é aige agus ní leigfheadh sé sgíth ná tada acht an oiread agus nach mbeadh fhios aige an raibh tada aige.
Bhí Micilín Mhuiceanach i ndan trí bhairrle teara a chur ós cionn a chéile lá dhá shaoghal agus bhí Pádhraig Ó Donnchadha i ndan leath-chéad a shíneadh ar an aon ladhairchín. Is iomdha duine a shíl é a dhéanamh acht theip orra. Bhí Peadar Shéamais Nóra i ndan mála deich gclocha a thabhairt amach ina bhéal as an siopa agus a leagan isteach sa gcárr.
Bhí fear eile ann dárbh' ainm Seán Fada agus bhuail sé fhéin faoi acht nuair a bhí sé crochta ón talamh aige thuit sé aríst uaidh acht chuaidh a chuid fiacla i bhfastódh ann agus briseadh cúpla fiacail ann.
Bhí fear eile ann Micil Sheáin Donn agus ní raibh duine ar bith i ndan a dhul ag caitheamh cloch leis. Lá amháin bhí sé fhéin agus fir eile ag siubhal ar an sliabh agus do chonnaic siad girrfhiadh. Bhí sé an-fhada uatha acht do chaith Micil cloch leis agus bhris sé a chois agus d'eirigh leis go raibh an girrfhiadh aige.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Áine Ní Fhágharta
Inscne
baineann
Seoladh
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Tomás Ó Fáthartaigh
Gaol
duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
Inscne
fireann
Aois
22
Seoladh
Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge