Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Líon

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0144

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá garrdhai ar mo bhaile fhéin ar an gCaorán agus sén t'ainm atá air na garrdha an lín. Sé an fáth a tugadh an t'ainm sin air mar gheall go mbíodh lion dhá cur ann fadó. Ar dtús ceannóchadh na daoine cárt ruis agus chuirfhidís é i ngarranta doimhn agus d'fhásfhadh sé ar nós seagal. Nuair a bheadh sé i n-am é a bhaint 'séar'd a dhéanfhaidis é a tarraingt as an talamh agus punannacha móra a dhéanamh dhó agus é a chur le claidhe nó go dtriomóchadh sé. Nuair a bheadh sé tamall bainte chuirfhidís ins an loch e le go mbogfhadh sé agus annsin nuair a thógfhadh siad as an loch é do sgaraidís ar an talamh é le go dtriomóchadh sé aríst. Thiubhraidís abhaile é nuair a bheadh sé tirim agus chuiridís isteach ins an gcró é go dtiochfadh an geimhreadh agus na h-oidhcheannta fada. Nuair a tiocfadh an geimhridh chuiridís síos teine(adh) mhór agus dhéanadh siad sórt áilear os cionn na teine agus leagaidís an lion os cionn an áiléar.
Nuair a bheadh sé tirm cruaidh bhainidís as (aa) an síol agus nuair a bheadh an síol bainte as thiubhradh siad leó tuailigíní nó maidí agus rachaidís ghá bhualadh le go mbaineadh siad dó na déasracha. Nuair a bheadh an méid sin déanta acu leagaidís amach an bord agus leagadh siad an lion ar chorr a'bhoird agus thiocfhaidís dhá slisnáil sa gcaoi go mbainidís dhó na déasracha tuilleadh.
Annsin gheobhaidís tlú gairinide agus rachaidís dhá ghairime leis an tlú agus nuair a bheadh sin déanta aca bheadh an líon chomh

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Séamus Ó Curraidhin
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Máire Ní Fhátharta
Inscne
baineann
Aois
72
Seoladh
Baile an tSléibhe, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge