Leigheasanna ag Muinntir na Tulaighe fadó
Máirtín Ó Coistealbha
Bairbre Ní Choistealbha
Micheál Ó Coistealbha - do shaothfuigh
1. Teanga an t-sionnaigh
Nuair a marbhuightear sionnach nó nr. a faighter ceann acu marbh baintear as an teanga gus coinnighthear le h-aghaidh leighis í. Tá sí go maith ag 'tarraingt' 7 cuirtear í le lámh nó cois a mbeadh sile déanta aici nó le doghadh.
2Eath Luachra (Eas Luachra) Dá mbeadh go dona le easbaidh agus eath luachra fagháil í a chuimilt do'n chneadh leigheas sí é. Is deacair breith ar each luachra sa ngeimhreadh. Geóbhfá i ndubhacháin mhóna iad ins an samhradh.
3.Cupóg Sráide: Tá leigheas dóghadh na neanntóige innti
4.Plástar Bran Mór, le haghaidh léas nó sileadh
5. Gail Tobac ... leigheas ar tinneas Fiacla.
6. Ola rón ... leigheas ar na sgoilteacha - an ola a cuimilt do'n ghlúin nó do'n áit a mbíonn an phian
7. Nead Dubhán Alla - le fuil a stopadh
8Slándos (Slánlus) le cur le gearradh
Eath Luachta a chuimilt do do theangaidh agus bheadh leigheas an dóghadh agat.
9Dubhach (sléibh) - tá sí go maith le h-aghaidh dóghadh.
10 Frog - bó a mbeadh múin fola uirthi (Blood murrain) frog beó a chur siar na bolg; leighesfadh sin í.
11 Píosa síoda - tá leigheas innti i gcóir ruadh (erysipelas) agus trálach.
12 Snáth leointe. Thiubhradh an figheadóir duit é da mbeadh aon leónadh ort. - (snáth seoil)
(leanann ar an chéad leathanach eile)