Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Tobairín Ard a' Mhulláin

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0140

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Cóilín Ó Curraidhin a chur síos.
Máire Ní Churraidhin (43) a d'innis. As a' gCaorán di.

Tá tobar beannuighthe ar an mbaile seo againne thíos in aice an chladaigh. Árd an Mhulláin an t-ainm atá ar an áit. Bhí bean ann fadó agus bhí sí dáll. Bhí sí ag iarraidh dul go dtí an tobar.
"Cá bhfuil an tobar?" adeir na daone leí.
"Tháll" a bhí sí ag rádh.
Chuaidh siad sáll agus shín sí a méir go dtí an tobar. Chimil sí an t-uisge ar a cuid súile agus bhí sí go maith arís. Sí sin an chéad bhean a tháinic go dtí an tobar. Tá an tobar ar bhruach aille in aice na fairrge. Tobar beag é. Tá cloch mhór in aice leis agus aon duine a thugas turas caitheann sé rud ar an gcloch. Sean-fhocal é, "Tháll, tháll, adeir an dáll."
"Tháll" .i. - Tad tall de'n uisge, de Chuan Chasla. Bhi sise taoi tiar de'n Chuan. Tá Ros a'Mhíl agus an Caorán taobh thoir.

Bailitheoir
Cóilín Ó Curraidhin
Inscne
fireann
Faisnéiseoir
Máire Ní Churraidhin
Inscne
baineann
Aois
43
Seoladh
Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge