Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0137
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuala muid ar fad trácht ar Cholm Cille. Tá tobar beannuighthe leis thiar ar an mBánrain i n-aice leis an roilig. Tobar beannuighthe is eadh é agus bíonn daoine ag tabhairt turais ann an naomhadh lá de Mheitheamh, sin é lá Colm Cille, agus bíonn pátrún againn i n-ónóir.
    Na daoine a bhíonn ag tabhairt turas téigheann siad seacht n-uaire timcheall ar an tobar agus iad cos-nochtuighthe agus caithfidh siad a theacht trí lá chuig an tobar sul mhá bhíonn an turas críochnuighthe aca.
    Tá tobar beag beannuighthe eile i n-aice le Tobar Cholm Cille agus tugtar turas ann freisin.
    Tá cloch chruinn ins an tobar beag sin agus bíonn iasg beó istigh fúithi agus bíonn sgiatháin ortha. Níl siad cosamhail le iasg na fairrge ná iasg ar bith. Iasg beannuighthe iad sin agus caitheann na daoine biadh chuca nuair a bhíonn siad ag dul thart ar an tobar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Colm 'ac Cualáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe