Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Scéal Grinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí sagart i dteach thiar i Connamara fadó ag tabhairt faoisdine uaidh. Nuair a bhí an fhaoisdean thart bhí sé ag dul ag léigheamh Aifrinn do'n phobul. D'fhiafruigh sé a' raibh aon duine sa teach i ndon an tAifreann a fhriotháil.
Dubhairt Domhnall Dearg go raibh sé féin i ndon é fhríotháil.

Ba leis an sagart an chéad rud a rádh, agus thosuigh Domhnall annsin. Bhí Domhnall ag cur dhó go ceann píosa fada agus faoi dheireadh dubhairt an sagart leis:
"Ar son Dé dúin do chlab níl fhios agam sa deabhac céard atá tú 'rádh"
"Mh'anam mhuise, a Athair", adeir Domhnall, "go bhfuil mise ar an gcaoi céadna leat. Níl fhios agam sa domhan cé na frétuisí atá tú féin a' rádh ach an oiread."

Faisnéiseoir
Máirtín Ó Coistealbha
Inscne
fireann
Seoladh
Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Bairbre Ní Choistealbha
Inscne
baineann
Seoladh
Caorán na gCearc Thuaidh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge