Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Scag na scéalta

Siar
/ 0268 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
An Buachaill Buaidhe Luachra

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0120

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Chaith an buachaill buaidhe luachra a saoghal ag tabhairt aire do bheithidhigh ar an sliabh. Ní fhaca sé sagart ná easbog ariamh. Tháinig smaoineadh chuige lá go dtiocfadh sé chuig an Aifreann. Ghléas sé suas é féin agus chaith sé a chóta mór ar a ghualainn agus d'imthigh leis chuig teach a' phobail. Nuair a tháinig sé isteach, bhí maide greíne ó fhuinneóig go fuinneóig i lár an tséipéil. Chaith sé a chóta air agus choinnigh an maide gréine suas é. Chonnaic an sagart é sin. D'éist an buachaill an tAifreann go raibh sé thart. Bhuail sé amach agus bhí beirt bhan ag comhrádh agus ag cúl-chainnt agus bhí seisean ag éisteacht leo go raibh siad réidh. Bhuail sé abhaile agus chuaidh ag tabhairt aire dhá chuid beithidheach.

Chaith sé mar sin go dtí Dia Domhnaigh 'na dhiaidh. Tháinig sé ag an Aifreann. Chaith a chóta ar an maide gréine acht leis an maide gréine ar an urlár é. D'éist sé an tAifreann go raibh sé thart. Bhuail sé amach. Sheas sé ar an spota céadna a raibh sé an Domhnach roimhe sin, ag giall a' gheata. Tháinic an sagart amach go dtí é agus d'fhiafruigh sé dó céard a rinne sé ar a' mbealach ó'n Domhnach roimhe sin. Dubhairt an buachaill nach ndeárna sé tada acht go raibh sé ag éisteacht le beirt bhan ag cúl-chainnt ag geata an tséipéil.
"Téara abhaile", adeir an sagart, "agus lean go do láimh mar bhí tú ag guidhe Dé agus ag glóiriú Dé." D'imthigh an buachaill buaidhe luachra abhaile agus lean de chomhairle an tsagairt go bhfuair sé bás.

Bailitheoir
Síle Ní Chonfhaola
Inscne
baineann
Seoladh
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máirtín Ó Confhaola
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
60
Seoladh
Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge