Seacht Sólas na Maighdine
Séamas Mac Donnchadha (60) Indreabhán d'innis
Peadar Mac Donnchadha do chuir síos.
Míle beannacht Dé do dhuine ar bith faoi'n saoghal
A déarfas seacht fólás na Maighdine
an chéad fólas a fuair an Maighdean Ghlórmhór
In aghaidh na gcéadta dólas
Óna h-Aon-mhac beannuighthe nuair a fuair sé an power
Is go ndeacha sé faoi bhronn (brúin) a Mháthar.
Ó a Dhianach aoibhin an sólas é
Soillse Mhic Dé go raibh 'nár dtimcheall
Míle beannacht Dé do duine ar bith faoi'n saoghal
A Déarfas seacht sólás na Maighdine.
Is go bé an dara Sólás a fuair an M. Gh.
in aghaidh na gcéadta dólás
Ona hAon Mhac naomhtha nr. f fuair sí an power
Nuair a rugadh É ins an stábla.
@S a Chríost nár bhreagh an sólás é
Soillse Mhic Dé go raibh 'nár dtimcheall.
Molamuid tú Íosa is molfamuid go deó Tú
Is míle moladh leat a bhanríoghan na Glóire
Míle beannacht Dé do dhuine ar bith faoin faoghal
A déarfas seacht Sólás na Maighdine
(leanann ar an chéad leathanach eile)