Aíne Ní Fhágharta do chuir síos.
Tomás Ó Fágharta a dearbhrathair (21) ar Baile na hAbhann a dinnis dhi.
A dhuine ná smaoin ar nidh gan éifeacht
Acht smaoinigh go minic ar na Críocha Deidheanach
Mar is iad is fuide a rachas i gcéill dhuit
Is a stiúrfhas t'anam go cathaoir na Naomh Gheal
II
Smaoinigh ar an mbár a thiocfas got' t'fhéacaint
Bí réidh ina choinne in arm 's in éadaigh . . . .
Ina gcuirfhidh sé na Sommons na gcoinne in aon chor
III
Nach aoibhinn go Pheadar go ndeárna sé fhéin é.
Tar éis é a bheith chomh meallta le Íosa a shéanadh
Pól a bhí ina aspol ins an ngéarléanamhaint chéadhna
Is an Mhaighdean bhreágh bheannuighthe sí Máire Maghdaléna.
IV
Guidhtear ins na flaitheas an triúr a bhí naomhtha
An gaduidhe a bhuail Phádraic a d'orduigh Íosa a chéasadh
Nuair a fuair Naomh Dómnall an t'arbthán sínte
Bhí aon mhíle dhéag mhairtíreach ann is triúr ar gach aon taobh
V
Nach eól dúinn an t-ainm gurb é Stiophán an chéad fhear,
Gabhadh le clocha é i gceart-lár a éadain
Sé dubhait sé le Dia "maith dhóibh fré chéile
Mar níl fhios aca céard atá siad a dhéanamh."
(leanann ar an chéad leathanach eile)