"Codladh sin ort a mháthair"? Ó ní h-eadh a mhic na páirte Ach aisling" "Céard é t-aisling a mháthair"? Aisling go raibh Tusa go do phúrtháil Go do cheangal go phostaibh cló Agus do chuid fola beannuighthe fhéin ag rith leat" "Is fíor é sin a mháthair An té a déarfhas t'aisling trí h-uaire tar éis luighe ar an leabaidh dhó Ní baoghal dhó go bfheice sé geata dubh Ifrinn go bráthach ná aon droch-aisling go maidin"
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »