School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0109
- XML “Seanphaidreacha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Téighse chuig an aifreann gan aon bhróg
Ná déan mórtas as do bhrat
Buail i gcóngar na dtrí ród
Beannaigh faoi dhó don bhocht
Ar a bhfeice tú g'airgead agus g'ór
Ar a gcloisfidh tú do cheolta cruit
Ní fheicfe tú Flaithis Dé go deó
Gan leabaidh agus déirce don bhocht.
Bí go mín leis an mbocht
Agus cuir cré ar a chorp.
Chuaidh mac Dé 'na riocht.
Go dtí lá Sliabh Sidheán na Sluagh
Is duibhe an ghrian ná an gual
Anois cé go hálainn é an cruit
Má ghuidheann tú ar tús
Cuir na mílte gártha céadta chúm
Is mó le rádh é go mór ná béal ar siubhal.
Is iomdha marcach maith a leagadh riamh
Ghabhfadh sé aríst ar dhruim an eich;
Má chuaidh mise i leith slighe
Tar a Chríost agus tabhair an bhreith.Ifreann fuar fliuch baile é gan pian gan deoch
Ná téigheadh aon duine ina riocht, ach mar is toil le Críost a bheith.- Informant
- Nóra Ní Ghabhnáin
- Gender
- Female
- Age
- 74
- Address
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe