Nuair a connaic an tAthair Síorraidhe
An chreach agus an baoghail dá déanamh
Sgar sé féin amach brat Íosa
Leag sé féin a choróinn i bhfiadhnais'
-Beirimse féin maithteanas an dlíghe díbh
Ach m'aon-mhac Íosa leagan ar an bhfiadhnais'
-Ó a Athair Síorraidhe, adeir an Slánuightheóir
Céard sin atá tú 'dhéanamh?
-Ag leagan damhnú siorraídhe
Ar an gcine daonna
-Ó is fíor sin a Mhic na Dílse
Is í do chomhairle is cóir a bheith déanta
Beirim féin flaithis Dé is an saoghal duit
Ag fulaingt na Páise ar son an chine daonna
Annsin tháinic teachtaireacht chuige leis an aingeal
A dhul agus an pháis a ghlacadh
Dubhairt sé féin le umhlaidheacht mór go rachadh
(leanann ar an chéad leathanach eile)