Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seán Ó Cioghain
Cartúrleathan
Táim mo chomhnuidhe sna Mionna timceall 18 míle siar ó Ghaillimh. Tá mo bhaile i bparroisde an Spidéil agus i mbarúntacht Mágh Chuilinn. Tá 56 teach ann ar fad agus cé gur tighthe ceann tuighe a bhí ionnta ar fad beagnach 10 mbliadhna ó choin tá naoi dteach deag anois ann agus ceann slinne orraibh, tighthe nuadh iad a tóigeadh le conghnamh ón riaghaltas, bhí timceall an méid céudhna tighthe ann le cuimhne na ndaoine meadhon aosta acht tá cuimhne ag na sean daoine ar an tám nach raibh acht idir 38 agus 43 theach ann; roinn daoine a raibh gabhaltailsí mórá aca ar a gclann mac agus sin é an chaoí a mhéaduigh uimhir na dtightheDeirtear gur bé an fáth ar tugadh Mionna air mar go raibh an talam mín seachas an talamh a bhí taobh shoir na taobh shiar de - ach is deacair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cioghain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cartúr Leathan, Co. na Gaillimhe