Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cuireann muinntir an bhaile fataí chuile bhlian acht ní bhionn an obair sin chomh heasgaidh is bíonn sé in áiteacha eile mar is le láidhe amháin a deantar é; tá na garraidheanta ró bheag agus iomarca clocha uachtair ann.
Siad na buachaillí agus na fir a deanann an obair annseo. Fághann siad dorugha agus sineann é agus baineann agus iompuigheann siad fóidín éadtrom no feirbín mar comhartha le haghaidh an iomaire agus na díogán no claisreacha.
Annsin leanann siad mar sin go mbíonn an garraidhe socruighthe aca, - sé sin na h iomairí ar fad breacaighthe ar an talamh bán. Baineann siad feamuinn annsin agus sgarann siad ar an talamh í - sin an chéad leasú a theigheanns air. Cuirtear aoileach os a cionn sin agus siad na mna is mó a sgarann amac an fheamuinn agus an aoileach. Sgarann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choisdealbha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe