Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)

Suíomh:
An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
T. Ó Cuinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Leathanach 0042
  3. XML “Aimsir na Géarleanúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl sgéul ar bith againn faoi aon nidh a thárla thart annseo an t am sin mar is dóigh nach raibh daoine na gcomhnuidhe thart ann an t ám sin. Níl páirc carraig na sgailp baistighthe ón aimsir sin. Mealladh daoine isteach san teampall gállda ag an gcaisleán - acht sin idir 60 agus 90 blian ó choin.
    An geirleanamhaint a d'imir na Blácaigh ar na daoine níor bhain se le creideamh acht as sainnt agus chun máighistreacht a thaisbaint a d'imir siad é agus níor sheas aoinne amach go fearamhail 'na n aghaidh.
    Bhíodh na daoine dul ag an Teach Phobail shiar in Indreabhán le cuimhne an duine is sine agus annsin ar an Tullaigh.
    Bhí teach phobail á tógbháil sna Mionna timceall 80 blian ó choin acht théis na ballaí bheith 5 troigh ar aoirde d'eirigheadar as mar bhí sé i gceist go mbeadh athrú fairce ar cuid de na bailte - acht b'shin gno priomhaideich na hEaglaise; níor thárla an t athru
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Padhraig Ó Cúaláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Béal an Átha, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Padhraig Ó Tuathail
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Indreabhán, Co. na Gaillimhe