Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San Inid is mo a posann daoine thart 'nar gceanntar agus fior chorr uair a mbíonn aon phósadh ann taobh amuigh de'n t am sin.
Bíonn cleamhnais ann ar dtús agus tugtar airgead - má bhíonn sé aca - no bó mhar spré. Le blianta anuas ní bhíonn an cleamhnas ann i gcomhnuidhe agus nuair a bhíonn fhéin ní bhíonn oiread sin i láthair agus bhíodh fadó nuair a bhíodh an fuisge saor; Minic an uair sin bhíodh siad dhá oidche mar bheadh banais ann. Ní theigheann daoine a bfad ó bhaile le bean feileamhnach fhághail agus mar gheall ar sin tá mórán gaolta ag beagnach chuile dhuine thart in a cheanntar fhéin - "Pós bean aniar agus pósfaidh tú a bfuil shiar."
Níl cuimhne ag aoinne pósaidhthe bheith ar siubhal sna tighcibh, shiubhalfaidis ag an teach phobail fadó, annsin leis an aimsear theighidis ann ar chárr cliathánach no "jaunt" acht anois(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chonchannáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cartúr Leathan, Co. na Gaillimhe