School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (1) Ón speir:- Bíonn an spéir an dorcha agus bíonn néalta ag gluaiseacht ins an spéir nuair a bhíonns báisteach air.
(2) Grean - Ní bhíonn an ghrian le feiceál nuair a bhíonns báisteach air acht nuair atá aimsear bhreagh air bíonn an ghrian le feiceál go breágh.
3 Gealach - Bíonn bogha timceall an gealaigh, ar nós garraidhe, nuair a bhíonns báisteach air.
4 Réalta Bíonn na réalta le feiceal go soilléar nuair a bhíonns aimsear bhreágh air, acht nuair a bhíonns báisteach air corr cheann aca bhíonns le feiceál chor ar bith.
5 Gaoth Nuair a bhíonns an ghaoth andheas ann bíonn báisteach air acht tagann aimsear bhreágh leis an ngaoth adtuaidh.
6 Éanlaith. Bíonn na h-éanlaith ag imtheacht iseal le talamh nuair a bhíonns báisteach agus gála air. Nuair a bhíonns báisteach air tagann na faoilleáin isteach fán tir.
7 Ainmhidhthe. Nuair a bhíonns gála agus(continues on next page)- Informant
- Mairghéad Ní Chonghaile
- Gender
- Female
- Age
- 25
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe