Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Leathanach 0031
- XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”
- XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhíodar ag munadh ann agus ag iarraidh na daoine a chuir ag na paidreacha a bhíodh aca ann. D'athruigh mórán thart ann agus thugadar arán agus uisge do na daoine sin mar "Commaoineach" nuair a bhíodh na paidreacha puiblidhe ar siubhal aca.
- Máirtín Ó Coisdealbha agus Seán Buidhe Blacach.
Bhí Blácach ann a raibh Seán Buidhe Bhlácach air. Droch fear a bhí ann agus nuair a bheadh do chios ioctha agat bhainfeadh sé dhíot do chuid beithidhigh agus do chapall dá mbeadh a leithéide agat.
Bhí fear i gCornarón - Máirtín Ó Coisdealbha - agus lá amháin tháinig Seán Buidhe Blácach go dti é agus thug sé leis a chuid beithidhigh; nuair a bhí sé sgathamh imthighthe soir an bóthar d'ealuigh Máirtín roimhe, chuaidh sé faoi'n gclaidhe agus nuair a bhí an Blácach ag dul thairis amach rug sé ar cloch agus bhuail sé ar clár na baithise é agus is beag nar mharbhuigh sé é.
Ar maidin lá'r na bháireach bhí seisear nó seachtmhar aca aniar ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Conaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe