Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Leathanach 0029
- XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”
- XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé iad i nga nfhios do na Blácaigh. An lá seo agus é á bhaint tháinig an Blácach thart an bealach agus ní fhaca an fear go deó é nó go bhuail an Blácach ar an mbaithis é le ceann de na turnapaí acht má bhuail fhéin níor bhac an fear leis mar bhí fhios aige chéard a bhí i ndan dó in aimsear cuir na bfataí. Bhí na turnapaí ar fad ag an Blácach.
- Cuir bean garraidhe beag fataí agus nuair a chuaidh sí ag breathnuighad ar an ngarraidhe th'éis seachtmhaine bhí na síolta ar bhárr na hiomairí agus iad briste. Ní raibh cleas ar bith mar sin nach ndeanfaidis acht ní bheadh siad chomh dona sin marach spiadóirí thart san áit a bhí rithte aca le chuile sgéul seafóideach.Dá mbeirtí ar duine baint feamuina gan cead bhídis dhá mbualadh agus á leigeann abhaile 'na gcraiceann dearg agus chaithidis an t-éadach i bfairrge.
- Faisnéiseoir
- Máirtín Mac Dhonnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cnoc Carrach, Co. na Gaillimhe